Téarmaí Breise Seirbhíse le haghaidh Úsáideoirí Deiridh Google Maps
Mionathrú Deiridh: 4 Meitheamh 2025
Trí Google Maps nó aon táirge nó seirbhís tríú páirtí, lena gcomhtháthaítear Google Maps Platform Services, a úsáid, ní mór duit, mar úsáideoir deiridh, glacadh le (1) Téarmaí Seirbhíse Google agus leis seo, (2) Téarmaí Breise Seirbhíse Google Maps ("Téarmaí Breise Maps"). Cuirtear Fógraí Dlí Google Maps/Google Earth agus APInna Google Maps/Google Earth san áireamh de réir tagartha i dTéarmaí Breise Maps.
Léigh gach ceann de na doiciméid seo go cúramach. Le chéile, tugtar na "Téarmaí" ar na doiciméid seo. Sonraítear iontu an méid ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn agus ár seirbhísí in úsáid agat, mar aon leis an méid a mbímid ag súil leis uaitse.
Má bhaineann tú úsáid as na gnéithe do dhíoltóirí amháin atá in Google Maps chun do Phróifíl Ghnó a bhainistiú, bíonn na Téarmaí a bhaineann le Próifíl Ghnó Google ag https://support.google.com/business/answer/9292476 i bhfeidhm ar an úsáid sin.
Molaimid duit ár bPolasaí Príobháideachais a léamh. Mínítear ann an fhaisnéis a bhailímid, an fáth a mbailímid í agus an chaoi ar féidir leat d'fhaisnéis a nuashonrú, a bhainistiú, a easpórtáil agus a scriosadh.
Ceadúnas. Ar choinníoll go gcloíonn tú leis na Téarmaí seo, tugtar ceadúnas duit le Téarmaí Seirbhíse Google chun úsáid a bhaint as Google Maps, lena n-áirítear as gnéithe lenar féidir leat:
féachaint ar léarscáileanna agus iad a anótáil;
comhaid KML agus sraitheanna léarscáile a chruthú; agus
ábhar a thaispeáint go poiblí sa chás go bhfuil a aitreabúideacht i gceart ar líne, i bhfíseán agus i gcló.
Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi nithe ar leith a bhfuil cead agat iad a dhéanamh le Google Maps, féach ar an leathanach ceadanna Google Maps, Google Earth agus Street View a úsáid.
Iompar Coiscthe. Is coinníoll de do cheadúnas chun Google Maps a úsáid é do chomhlíonadh maidir leis seo, Alt 2. Agus Google Maps in úsáid agat, ní ceadmhach duit (ná ní ceadmhach duit ligean dóibh siúd atá ag gníomhú thar do cheann):
aon chuid de Google Maps a athdháileadh ná a dhíol nó táirge nó seirbhís nua atá bunaithe ar Google Maps a chruthú;
an t-ábhar a chóipeáil (mura gceadaítear duit amhlaidh a dhéanamh ar bhealach eile ag an leathanach ceadanna Google Maps, Google Earth agus Street View a úsáid nó ag an dlí maoine intleachtúla is infheidhme, lena n-áirítear "úsáid chóir");
an t-ábhar a oll-íoslódáil nó bulcfhothaí de a chruthú (nó ligean d'aon duine eile amhlaidh a dhéanamh);
Google Maps a úsáid chun aon tacar sonraí eile a bhaineann le léarscáiliú (lena n-áirítear tacar sonraí, bunachar sonraí liostaithe gnó, liosta ríomhphoist nó liosta teileamhargaíochta a bhaineann le léarscáiliú nó déanamh bealaigh) a chruthú nó a mhéadú lena úsáid i seirbhís ar ionad do Google Maps í nó ar seirbhís atá an-chosúil le Google Maps í; ná
aon chuid de Google Maps a úsáid le táirgí nó seirbhísí daoine eile le haghaidh déanamh bealaigh fíor-ama nó rialú feithicle féinrialaitheach, nó i ndáil leo sin, seachas trí ghné ar leith arna soláthar ag Google amhail Android Auto.
Fíorchoinníollacha; Toimhde Riosca. Nuair a úsáideann tú sonraí léarscáile, trácht, treoracha agus ábhar eile de chuid Google Maps, féadfaidh na fíorchoinníollacha a bheith éagsúil le torthaí agus le hábhar na léarscáile duit, mar sin bí ag brath ar do bhreithiúnas neamhspleách agus bain úsáid as Google Maps ar do phriacal féin. Is tusa a bhíonn freagrach i gcónaí as d'iompar agus as na hiarmhairtí a thagann as.
D'Ábhar in Google Maps. Bíonn ábhar a uaslódálann tú, a chuireann tú isteach, a stórálann tú, a sheolann tú nó a fhaigheann tú trí Google Maps faoi réir Théarmaí Seirbhíse Google, lena n-áirítear an ceadúnas atá san alt dar teideal "Cead chun d'ábhar a úsáid". Maidir le hábhar a fhanann logánta go heisiach i leith do ghléis (amhail comhad KML arna stóráil go logánta), áfach, ní uaslódáiltear ná ní chuirtear isteach chuig Google é agus, dá bhrí sin, ní bhíonn sé faoi réir an cheadúnais sin.
Úsáideoirí Deiridh Rialtais. Más mar ionadaí slánaonaid rialtais atá Google Maps in úsáid agat, bíonn na téarmaí seo a leanas i bhfeidhm:
An Dlí Rialaithe.
-
Ó thaobh slánaonaid rialtais chathrach nó stáit sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach de, ní bheidh feidhm ag an alt de Théarmaí Seirbhíse Google a bhaineann leis an dlí agus leis an ionad rialaithe.
-
Ó thaobh shlánaonaid rialtais fheidearálacha na Stát Aontaithe de, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ailt de Théarmaí Seirbhíse Google a bhaineann leis an dlí agus leis an ionad rialaithe:
"Beidh na Téarmaí seo faoi rialú ag dlíthe Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus léirmhíneofar agus forfheidhmeofar i gcomhréir leis na dlíthe sin iad, gan tagairt a bheith déanta do dhlíthe atá ag teacht salach ar a chéile. A mhéid a cheadaítear leis an dlí feidearálach, agus a mhéid sin amháin: (A) is iad dlíthe Stát California (seachas rialacha California um dhlíthe atá ag teacht salach ar a chéile) a bheidh i bhfeidhm in éagmais dlí feidearálach is infheidhme; agus (B) is i gcúirteanna feidearálacha Chontae Santa Clara, California, amháin a rachfar chun dlí faoi aon díospóid a thagann chun cinn as na Téarmaí seo nó as Google Maps, nó a bhaineann leo sin, agus toilíonn na páirtithe don dlínse phearsanta sna cúirteanna sin."
-
Cearta Srianta de chuid Rialtas SAM Bíonn aon rochtain a dhéantar ar Google Maps agus aon úsáid a bhaintear as ag rialtas feidearálach na Stát Aontaithe, nó ar a shon, faoi réir an ailt "Cearta Srianta de chuid Rialtas SAM" atá i bhFógraí Dlí Google Maps/Google Earth.